Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceul
    Lá nuair a bhí na Fianna ag fiadhach i ndúthaigh Bhéarra, chuir Fionn Goll Mac Mórna mar teachtaire go Oileán Dairbhre. Do gluais Goll roimhe ar a ruith agus níor stad sé riamh go dtáinig sé go Anagár. D’fheach sé isteach ar an oileán agus ba mhór leis an léim chun dul isteach ann. Connaic sé seana cara trucailleach in aice na fairrge agus caith sé isteach sa fairrge é, leath slighe idir an oileán agus an talamh slán. D’fill sé in dhiaidh a chúil tamall, agus thug sé steall rátha, agus léim sé agus bhuail sé cos sa seana chara agus an cos eile i bport Dairbhre in aon léim amháin.
    Thug bean a bhí in Dairbhre cuireadh dinnéir dos na Fianna agus thangadar. Bean go raibh draoidheacht aicí ab eadh í ach ní raibh fios ag na Fianna sin. Bhíodar na suidhe ar cathaoireacha breághtha agus gach ao’ nídh dá feabhas le’n ithe agus le’n ól acu. Ach núair a ceapadar ar imtheacht abhaile ní fheadaidís eiríghe. Bhíodar ceangailte leis na cathaoireacha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí