Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfuirm béil chiseáin. Ansan tosnuightí ar na tuigeanna is laige do sníomhadh idir na tuigeanna ata 'na seasamh go dtí go mbíonn tímcheall naoi n-órlaighe deánta. Ansan caithtí puill na "dtaisí" d'fágaint ann agus bhíodh ceard fé leith in a ndéanamh san. Ceard a ghabhann le déanamh ciseáin iseadh déanamh na mbirdeó nó na sgiathóg. 'Sé rud an birdeóg ná sórt méise déanta de tuigeanna. Usáidtear é chun na bprátaí do sgagad agus táid an-áiseamhail chun móna dho thabhairt isteach cun na teineadh. Ins na h-áiteanna cois fairrge úsáidtí saghas brígeóíge le h-iascaireacht. An birdeó spiléir a tugtaí uirthi. Bhí mar a bheadh ceann amháin bainte de sé sin go raibh déanamh sgéithe uirthi. Bhíodh sórt fráma admaid ag dul leis seo agus crochtaí an dorugha ar an bhfráma seo ar a dtugtaí an spiléar, agus bhíodh dubháin ar an dorugha sin. Ní gach aon fhear a bhí ealadhanta a dhóíthín chun "spiléir do crocadh" agus an birdeó a chur i bhfearas chun gnótha. Níor mhór do dhuine bheith go h-aicillidhe agus taithíghe a bheith aige san obair. Deintí "sopacáín" clúdaighe i gcóír cinn na ngamhan óga a bhíodh ag ithe sopaca féír as na tuigeanna leis.Fadó nuair a bhíodh solus ag teastáil ó dhaoine b'shin an uair ná raibh an eilbhéis ná an íle ná an gas aca, is amhlaidh a bhristí leadhb-giúise de bhloc mhór leis an dtuagh agus braon de geir do caitheamh air teine do chuir leis is e do sháithead i bpoll an iarta agus deirtear linn gur breagh ar fad an solas do thugadh sé uaidh. Níos déanaighe ná san airís geibhtí solus ós na coinnle a deintí ag geir leaghtha na gcaorach. 'S amhlaidh do cuirtí an mhúnla - b'shin mólda stáin agus déanamh an coinnill air 'na seasamh i bhfód móna. Geibhtí dorn de's na geitrí glasa ansan agus baintí an croiceann díobh agus cuirtí an rud bán istigh mar buaiceas ins na coinnle(leanann ar an chéad leathanach eile)