School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
![The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 289](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0476%2FCBES_0476_289.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 289
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfuirm béil chiseáin. Ansan tosnuightí ar na tuigeanna is laige do sníomhadh idir na tuigeanna ata 'na seasamh go dtí go mbíonn tímcheall naoi n-órlaighe deánta. Ansan caithtí puill na "dtaisí" d'fágaint ann agus bhíodh ceard fé leith in a ndéanamh san. Ceard a ghabhann le déanamh ciseáin iseadh déanamh na mbirdeó nó na sgiathóg. 'Sé rud an birdeóg ná sórt méise déanta de tuigeanna. Usáidtear é chun na bprátaí do sgagad agus táid an-áiseamhail chun móna dho thabhairt isteach cun na teineadh. Ins na h-áiteanna cois fairrge úsáidtí saghas brígeóíge le h-iascaireacht. An birdeó spiléir a tugtaí uirthi. Bhí mar a bheadh ceann amháin bainte de sé sin go raibh déanamh sgéithe uirthi. Bhíodh sórt fráma admaid ag dul leis seo agus crochtaí an dorugha ar an bhfráma seo ar a dtugtaí an spiléar, agus bhíodh dubháin ar an dorugha sin. Ní gach aon fhear a bhí ealadhanta a dhóíthín chun "spiléir do crocadh" agus an birdeó a chur i bhfearas chun gnótha. Níor mhór do dhuine bheith go h-aicillidhe agus taithíghe a bheith aige san obair. Deintí "sopacáín" clúdaighe i gcóír cinn na ngamhan óga a bhíodh ag ithe sopaca féír as na tuigeanna leis.Fadó nuair a bhíodh solus ag teastáil ó dhaoine b'shin an uair ná raibh an eilbhéis ná an íle ná an gas aca, is amhlaidh a bhristí leadhb-giúise de bhloc mhór leis an dtuagh agus braon de geir do caitheamh air teine do chuir leis is e do sháithead i bpoll an iarta agus deirtear linn gur breagh ar fad an solas do thugadh sé uaidh. Níos déanaighe ná san airís geibhtí solus ós na coinnle a deintí ag geir leaghtha na gcaorach. 'S amhlaidh do cuirtí an mhúnla - b'shin mólda stáin agus déanamh an coinnill air 'na seasamh i bhfód móna. Geibhtí dorn de's na geitrí glasa ansan agus baintí an croiceann díobh agus cuirtí an rud bán istigh mar buaiceas ins na coinnle(continues on next page)