Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an oileáin cun na daoine do cur ann
Bhí an triúr as a gcúigear ón Sgairt ina gcoinnibh amach geata an oileáin. D'fáisgeadar ar a gcéile annsan, agus do marbhuigheadar a gcéile.
Bhí tig tamall suas ó'n dteampall. Tigh sagairt do bhí ann ar cliathán an bóthair. Bhí dtriteár an tsagairt san dtig. Buachaill óg do beadh é, agus do bhí cailín óg ina bhean tige ag an sagart leis. Seadh ba mhaith le driteár an tsagairt go bpósadh an cailín é, acht níor mhaith leis é tarrach cuici inaon cor. An lá sa bhí sé ag máirseál siar san oileán, agus d'fág sé a leabhar urnaighe ar taobh an teampuill.
Deiridís an coróin gach oidhche, - dritheár an tsagairt agus na cailíní i dtig an tsagairt. Nuair thosnuigeadar ar an gcoróin timcheall a deich a chlog, ní raibh a leabhair aige, acht bhí fios aige féin cár fhágadh é go maith. "Dfágas mo leabhar thiar ag an dteampall indiu. Dearamhadas annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)