Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 199
- XML “Arán Speisialta”
- XML “Arán - Lá Caille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsire nodlag ar son is dócha mar onóir
dár dtighearna Íosa Críost. - Lá CoilleDo beadh féasta mór dar leo aca leis oidhche Coille, mar aoinne ná iosfaidh é a dhóthain an oidhche sin, ní íosfadh sé a dhóthain go ceann bliana ó'n oidhche sin (oidhche na codha mhóra a glaodtar)"Oidhche Coille bhris mo ghoile
As dhein mo mheille in aoinfeacht
Turnaipí uisce, fuairis le nithe
Nócht do banbh ag éinne"
Buailtí ciste mór ar drom an dhorais an oidhche sin leis, agus an fhaid as a bhítí ag bualadh, do beadh dá rádh aca:-"Fógram an gort ort
Ó Rí an dTurcach
Ó anocht go blian ó anocht, agus anocht leis"
In ainim an Athar as a Mhic agus an Spirid naomh amen.
Tógtaí trí shaghas béile gach uair a deirtí é sin, agus deintí amhlaidh trí nuaire.