Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 085](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0299%2FCBES_0299_085.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 085
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó "Bat Murphy" a fuaireas an chuid is mó dhíobh.1. Is fearr an tSláinte ná na táinte.
2. Ní haitheantas go haontigheas.
3. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
4. Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
5. Galar fada ní abrann síorraidhe bréagh.
6. Ní beathuigheann an marbh an beo.
7. Is fada a bhíonn an féar ag fás agus is gearr a bhíonn an bás 'a claoi.
8. Capall na hoibre an biadh.
9. An rud a bheathochadh duine sé a mharbhóchadh duine eile.
10. An comhgar chun an bídh is an tímcheall chun na hoibre.
11. An té a bhíonn amuigh fuarann a chuid.
12. Is maith an t-anlann an t-ocras.
13. D'íosfadh sé an polca te.
14. Scadán idir cúigear.
15. Bíonn blas ar an mbeagán.
16. Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan.
17. Is fuirist fuinneadh in aice na mine.
18. Ní híad na fir móra a bhaineann an Fhoghmhar go léir.
19. Fear beag ar árdán nó fear mór ar ísleáin.
20. Bean nó muc istoidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig O Huallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sraoilleán, Co. Chorcaí