Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Brighidh Ní Ríogáin, ó'n Gurrán o Thúaidh,
Bhí fear in Druim Mhóir bréis agus caogadh bliadhan o shóin. Agus do goid se 23 cloch chruithneachtan o athair agus do thúg sé é go bárr an mhuillin Druim Mhóir. Bhí fear éile i Ceim na Carrraige agus tá sé amuich air go dtúg sé sách míne on Scibrín ar a dhróm.Bhí fír sa ceanntair seó agus bhí cháil ortha maidir le a dhéineadir lén a bhfíachla. - Tomaí Samhnaí a bhéadh ceann acu agus Dómhnall O Laoghaire a béadh an ceann éile. Do bhéireadh áoinne dén bhéirt seó ar léath bhárraill díughthe agus do cháitheadh sé thár a chéann é. Tá go leór daoine sa ceanntar seo a fhéacha Dómhnall O Laoghaire ag tabháirt cís prátaidhe thár pháirch le gréim a fhíachla ar an ré. Bí an beirt sin na mbeatadh go dti cúpla bliain o thoin Do cailleadh an fear ba mhó cáil des na seana daoine cuig blian o thoin. (Sean Eoin OSuilleabháin o Gort na Cabhlarge ([?]).
Dala an sgeal atha amuigh air Seán - thug se da sac mine (20 cloch an ceann) o muileann Dún na mBarr (Beanntraighe) do dtí an Bothar - mala díobh fe gach oscal. Bhíodh comortais caithe cloch ins an t-Sean Aonach Beal Atha Buidhe 50 bliain o thoin agus bheireadh Seán Eoin an craobh a bhíodh ann.
Deini[?] Donncadh Rúadh on Duibhe Lios. Fear ana laidir abeadh e so leis - Thódadh se [?] ceardcann le greim láimhe ar soc na [?] agus do caitheadh se tamall uaidh í. Bhí se go h iongatach leis le togaint cloch.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí