Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 308
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Garcú luachra: beir ar easchú luachra agus tóg a cheann in do láimh agus tóg a cheann in do láimh agus a eirball 'na láimh eile. Cimil do theaga leis. An duine a deineann an rud san bheadh leigheas in a theangainn le h-aghaidh duine dóighte. Ná chuir an t-eascú luachra chun báis.Faithne: Dà dtagtá ar charraig na mbíonn poll uisce agus na feacha tú ríamh roime-sin beidh leigheas agat i gchóir na bhfaithní. Tá cloch den tsaghas sin i gCeapach Buidhe timcheall cúpla céad slat soir ó thuaidh o'n scoil. Tá lán rudaí beaga le feiscint agus tearbaineann an rud san dom go dtéigheann mórán daoine ann anois is airís.Tinneas fiachal: Caithfidh tú cós an froig d'fhághail agus é do chimilt le d'fhiachail tá leigheas eile le fághail sa cnámhgéill on na grainneóige.Neasgóidí:- fagaidh meachain dá h-abha agus cuir ar an ngríosach é go dtí go mbeadh sé róstuithe go maith. Coiméad an duine a bhfuil an neasgóid air i bhfad a bhaluith na rósta. Mar deirteas má baluigheann an phiast é. Cimil den neasgóid é. Bheadh leigheas ann tar éis tamaillín.Tinneas fiachal: leigheas eile préamh bainne bó bleachtámh do chimilt leis agus é do cogaint I'd bheul.Créacht: duilleog ribíní agus iubhat do cogaint id bhéal agus an séile do chaitheamh ar an gcréacht.Plus mór: Cuireann sé 6 neasgóidtí uait. Fasann sé ar port na h-abann. Tá bláth bán air. Cuireann síad na préamhacha isteach sa chorcán agus leigheann síad an corcán do bheiriú. Téighir amach an fhaid agus a bheadh an corcán ag bheiriú mar dá mbeadh fhios ag an bpeist go raibh an leighis an suibhal ní chuirfeadh sé a cheann amach in aon choir.(leanann ar an chéad leathanach eile)