Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Piseoga an Tí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Caithfidh gach aon duine bheith na tig féin Oidhche Nodlag.
    Fág an doras ar oscailte Oidhche Nodlag
    Má ghéibheann duine do mhuinntir féinig bás i rith na blíadhna caithfidh tú supéar breágh a chuir roimis an Oidhche san.
    Coiméad cuid den coinneal Nodlag.
    Coiméadann cuid den scollóg agus cuireann i leat-taobh é.
    Tig Nuadh
    Ní cheart an rud teacht isteach i dtig nuadh i Aidbheint.
    Na téighir isteach sa tig nuadh Dé Luan nú Dé hAoine.
    Na pód aon duine Dé Luain, Dia Diardaoin nú De hAoine mar deireann daoine go raibh aon Diardaoin dearg ann.
    Ná pós i Mí na Bealtaine nó i Mí na Lúghnasa
    Rudaí eile
    Ní ceart an rud é sin a dheanamh agat. Feóil úr do bheis isteach sa tig agus é do thógaint amach airís. Ní ceart an rud é sin a dheanamh le huibheacha ach cómh beag.
    Uaireannta cuireann síad uibheacha sa gáirdíní agus thiocfadh mí-adh ar an nduine gor leis an gairdín má bhí síad curtha san críadh.
    Nuair a bhíonn fairthní ar duine cuireann sé clocha isteach sa mhála beag agus é do cáitheamh ar an mbóthar. An chéad duine a thógfa an mála san as an dtalamh tógann sí na fairnthní uaith leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge