Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 309
- XML “Leigheasanna”
- XML “Piseoga Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Luibh na brene-dhearg:- faigh tubán uisce agus caithfidh tú an luibh do mheascadh leis. Sé an piseóg atá ann go ndeanfadh sé ubhar maidean an bhó. Tá duilleog glas uirthe. Caithfidh tú a thabhairt don muin.Coinneal Muire: Leigheasann sé sin gach galair.Siobán na bport: Cur isteach sa corcán é agus leog é do bheiriú. Coimeád an óil agus leigheasanna sé sin gach galar, go mór mor, an gút, agus ronngalar.Ganndal: Leigheas i gcóir an chraoisgalar. Caithfidh tú an gandal a anál do shéidheadh naoi n-uaire isteach in do bheul. Leigheas eile is eadh ceart do chur isteach fé ciseán agus í do bheith trosgadh.Caoirigh:- Beir isteach caoire agus coiméad istig íad i rith na hoidhche chun an tighe do ghlanadh.
- Piseóga eileNa téighis 'na slighe comhgarach le socraid. Nuair ná teannuighean corp duine nuair a gheibheann duine bás deirtear go mbeidh ceann eile agat sar a bheidh bliain caithte aca.Má osclófá thú deanann tú nú deanann tú dearmadh ar an uaig. Thiochfadh mí-ádh ar do chlann.Ná glan do bróga istig sa roilig.Ná chuir suas tig nuadh ar [octhag] socraidé.Na dún tobar fior-uisce.Nuair a beidh bean ag iompar leinb níl sé ceaduighte dí dul isteach sa roilig.(leanann ar an chéad leathanach eile)