Scoil: Macha na gClaidhe (uimhir rolla 16086)
- Suíomh:
- Macha na Cléibhe, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cathal Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair bhí na Péin Dlighthe i bfeidhm in Éirinn do chómnuigh fear agus a bhean in áit atá míle in íartar do Sráidbhaile Caolcoille (Kealkil Village Bantry) bíodar dubh bocht agus is beagh go rabhadar abalta íád féín do cothú.Comóg ab'ainm do'n bhfear san. Do rughadh triplín (Triplets born to his wife) do'n mhnaoi.Chuir san brót ar an bhfear agus ar a mhnaoi cómh maith mar bhí fios aca go dian maith ná feadfaidís na leanbaí do cothú.Taréís cúpla lá no mar sin do shocruig Comógh in a aighne go mbáthfadh sé na leanbhaí ins an abhainn a bhí cómhgarach dó. (The River Ovane)D'eirigh sé ag breac a lae agus chuir sé na leanbhaí isteach sa mhála agus amach an doras leis i dtreó na h-abhann. Ar an mbealach cad do chífead sé ac fear ag teacht 'na threo. Bhí sé na gruaidh cás. Ní raibh fhios aige cad ba ceart do deunamh. Chuir sé an mála ar an dtalamh inaice tuir (bush) agus stad sé. I gcionn neomat cé tháinig cuige ac saghart. D'fhiafruigh an Saghart de cad do bhí sa mhála aige agus dubhairt Comóg gur coileáin bhí ann agus go raibh sé ag dul go dtí an abha cun íad do báthadh. Thosnuig na leanbaí ag gol nuair bhí na focail sin ráidte ag Comóg.P.T.O.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- William Cotter
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Na Bruíne Móra, Co. Chorcaí