Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 022
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tomás. Bhí mórán eile a bhí tar éis liostáil a dhéanamh an lá san.
Do thóg an t-oifigeach iad go léir isteach i dtig Tábhairne chun feitheamh go dtiocfadh an captaoin dóibh. Nuair a bhíodar istigh do chuaidh Tomás suas go dtí an oifigeach agus bhí cnaipí buidhe ar chasóg an oifigeach.
Do rug Tomás ar na cnaipí agus bhí sé á chimilt agus á gcuir isteach na bhéal mar a dhéanfadh amadán. Do bhí an t-oifigeach ag féachaint air agus ag rádh na aigne féin - "amadán é sin ní thógfad i n-aon chor é.
Le na linn sin tháinig an captaoin chun iad do bhreith leis agus dubhairt an t-oifigeach leis an gcaptaoin "ní thógaimíd é seo i n-aon chor linn, amadán iseadh é sin" agus d'innis sé don captaoin cad do dhein sé leis na cnaipí.
D'fhéach an captaoin ar Tomás, agus fear breágh glan ab'eadh Tomás. "Triallfaimíd ar(leanann ar an chéad leathanach eile)