Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 023
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon chuma é" arsa'n captaoin, "b'fhéidir go ndéanfadh sé an gnó mar fear stábla".
Do thógadar leó é agus do chuir an captaoin culaith éadaigh breágh uasal air agus do thóg sé isteach é mar fear stábla.
Bhí Tomás na fear stábla ar feadh tréimhse maith agus i gcionn tamaill tháinig ana mheas ag an gcaptaoin ar Thomás.
Níorbh' iongnadh san mar fear breágh glan ab' eadh Tomás nuair a bhí culaith éadaig duine uasail air.
Bhí aon inghean amháin ag an gcaptaoin agus ba ghearr gur thuit sí i ngrádh le Tomás. Ba ghearr go bhfuair an captaoin bás agus gan amhras d'fhág sé gach rud a bhí aige ag an inghean.
Tighearna talmhan ab' eadh an captaoin leis, agus sa deire do phós Tomás agus an inghean a chéile. Do mhaireadar ana chompórdach ar feadh roinnt aimsire go dtí sa deire do fuair Tomás amach gurb' í a bhean tighearna talmhan a athair féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)