Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 105
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do phós an tighearna talmhan airís agus an tarna bean a fuair sé diabhal ceart ab' eadh í.
Níor innis sé di i n-aon chor gur phós sé cheana. Do mhaireadar mar sin agus do gráin a gcroidhe ag gach aoinne dhi.
Aon lá amháin dubhairt sí le na fear gur mhaith léi a tineontaithe fheisgint. D'imthig sí léi agus nuair a chuaidh sí chómh fada leis an gcéad tig do thuit sí os cómhair an doras amach.
"Ó Dia liom" ar sise. "Gan Dia ná Muire leat " arsa'n guth istig sa tig. Nuair airig sí an cainnt san do bhí eagla uirthe dul isteach agus d'imthig sí léi go dtí an tarna tig.
Nuair a chuaidh sí chómh fada leis an dtarna tig do chaith sí í féin ar an dtalamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)