Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0474

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0474

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0474
  3. XML “An Capall Iontach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    breágh iseadh thú agus is féidir leat teacht liom.
    "Ná dein" arsan searrach Fág annso mé ar feadh bliain eile agus cídhfidh tú cómh mhór is a bheidh mé an bliain seo chughainn. D'fág sé ansan é agus chuaidh sé thar-n-ais abhaile.
    Nuair a bhí an bliain caithte chuaidh sé fé na dhéin airís agus bhí an searrach abhfad níos mó ná an bhliain roimis sin. "Capall breágh ab'eadh thú anuiridh" arsa Seán "ach tá'n tú abfad níos fearr mbliana, ní'l capall cómh maith leat i stablaí an rígh agus béarfhaidh liom anois tú"
    Ná dein" ar seisean "Caitfhid mé fanamhaint annso ar feadh bliana eile" D'fág Seán ansan é.
    In ndeireadh an tréimhse chuaidh sé féin na ndéin airís. Bhí sé cómh mór an uair sin gur cheap Seán ná féadfhad aon capall aon capall bheith cómh mór san.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bn. Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí