Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Sa tSeanaimsir”
  4. XML “Smuigléireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mbeadh bád ó áit éigin eile rómpa.
    Is annamh riabh ná go gcaithfeadh an long téad sa bhád chun cheangailt léi agus dréimire chun dul anáirde uirthe. Théidís anáirde le na h-earraí agus bhíodh fáilte agus fiche rómpa agus is mó fághaltas d'fhaighidís 'na n-iomad. D'fhaighidís brioscaí go flúirseach, éadach go minic, ailpeanna feóla, agus rudaí eile nách íad, agus is minic leis do fuaireadar buidéal biotáile nó rum.
    D'fhágfaí slán i ndeire agus do crochfaí i gcóir a'bhaile agus is iad do bhíodh go súgach 'nuair a bhíodh bolmacha anois is airís ach as a mbuidéal.
    'Nuair a bheadh an bád tarraicthe suas acha i dtalamh sábhalta do bhearfaidís gach ní go dtí tig chómharsan chun iad do roinnte, 'se sin dá mbeadh an oidhche ach ar theacht isteach dhóibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá baill sa paróiste seo i nGleann a' Mhaidráin, go bhfuil na puill le feiscint 'na mbun go mbíoch a' tabach agus an rum agus an línéadaigh i bhfolach ionnta chun go mbeadh ceannuightheóir le fagháil.
    Dheinidís ualach mór an oidhche do bheidís á aistriú. B'eidir go mbeadh leath-chéad capall acha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.