School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Théidís annsan go Mágh Chromtha, go Droichead na Bandan nó go Dún Maon Bhuidhe.Thógaidís na sean-bhóithaireacha agus ní ghebhfaí i ngiorracht d'aon bhearraic.
Do bheadh beirt armálta rómpa amach agus dá theaspáinfeadh aon fear-ríogh é féin do thuitfeadh sé nó bheadh sé an-mhear.
Do thagadh muintear na Frainnce féin le h-uallaí agus do bhíodh margadh déanta acga le muintir a'bhaill roimh ré. 'Nuair a thagadh sí sin (an bád), cur i gcás go dtiocfadh sí go Dún Uí Cabhthaigh, d'fhanadh sí amuigh sa droim chun go mbíodh a'tráthnóna ann.
Do ghearróchadh sí ar a'dtalamh annsan ar tuitim na h-oidhche agus do dhéanfadh sí cómharthaí d'fhear a' tailamh le solas. Bheadh sé sin amuigh gan moill agus d'fháiscfeadh síad ar í a fhollamhú.
'Nuair a bheadh a' bád lán rithfeadh sí isteach sa tráigh mar a bheadh fir is capaill a' feitheamh léi.
Do chuirfeadh an bád dí amach d'urchar agus do rachadh na capaill gruig na puill agus d'fhollammhóchaidís agus do bheidís thar nais agus a' bád sa tráigh airís, agus mar sin dóibh chun go mbeadh a' Franncach follamh. Do chuirfeadh sí sin dí annsan agus do bheadhan fhairrge amuigh aiche agus an lá a' gealadh agus is minic a chaithfeadh sí rith mar do bhíodh cuitéir a' ríogh a' faire ortha ó bhall go ball san oidhche.
'Nuair do bhí smugailéireacht sa t-siubhal(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Ballyluck, Co. Cork