Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí file i gCiarraidh darab ainm Murt Mór. Do mhair sé le linn D. Seamuis. Bhí sé ag gabháil aniar Gleann Fleisce lá agus chonnaic sé gasra spealadóiríag obair i móinfhéir taobh thíos de'n bhóthar ag Cluain Chaoin. Do tharla gur do bhean ó Cho. Chorcaighe a bhí pósta san áit sin, a bhíodar ag obair, ach bhí fabhar ag file Ciarraighe leó toisc gur b'iad a mhuinntir agus dubhairt sé nuair a tháinig sé chómh fada leó:-
"Ar a' dtaobh thíos díom a bhíodar ag gearradh a cuid féir;
Síol ceart na buidhne a fuair ceannas agus réim.
Gur b'é crích bídh a bhí 'ce ortha i gcaitheamh a' laé
Dríodar gan puinn mine i bpota beag mhaol."
Bhí D. Seamuis ann agus d'airigh sé an íde a thug file Chiarraighe ar mhnaoi Chorcaighe agus d'fhreagair sé é mar seo:-
"A ghnáis Mhurt is nár liom mar spallais a' léighean,
I n-áitreamh nár ghábhtar agus i gciontaibh nár ghaor.
Sin árthach nár ghnáthach úr gcoinnibh-se ar chaol;
Scála agus é lán de mhin choirce nár théighidh.
Ach an práta mhil-bháithte agus é lán de'n uisce bhíodh géar
Agus le deárcas nár bh'f'lár díbh é ithe chun sgéith."Do luíg Murt Mór air agus d'iarr sé air gan a thuille do rádh agus ní deirtear go ndubhrathas a thuille an lá san pé sceal é.- Bailitheoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí