Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá amháin do bhí cruinniú i gCill Garbháin chun 'member' a thoghadh don pharlaimint.”
Do dheallrochadh an sgeal gur Caitliocach agus Prodastunach a bhi ag iarraidh dul isteach. Do bhi an tAthair Breathnac agus cuid de mhuintir Baile Mhuirne bailighthe ag an Muilleann chun dul go dti an cruinniu agus do bhi gach duine aca ar chapall iallaite agus do thainig Sir Cormac Colthurst suas agus thosnuig se ag cur stop leo agus do thosnuigheadar ag argoint San argoint do ghlaoidh Sir Cormac tinnceir agus mach agus mac tinnceara ar an sagart
Arsan sagart "Mas tinnceir mise cuirfhead paiste ar do chorcan". Ansan d'arduig se a lasc agus dubhairt "Aoinne a raghadh cun mo thoramh-sa da mbheinn marbh leanadh se anois me" agus do leanadar go leir e
Nuair thanghadar abhaile do bi "Sir Cormac" as a mheabhair agus gach corcan sa tig briste aige- Bailitheoir
- Amhlaoibh Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí