Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíodh dá shocraid ag teacht an bóthar céadhna go dtí an roilig céadhna fadó bhíodh ana rith aca le céile i d'iarraidh torach do bhaint amach. Bé an cúis a bhí aca le beith ag rith le céile ná gur cheapadar go mbeadh an fear a bainfeadh an roilig amach ar thorac go mbeadh sé i Flaitheas Dé roimis an nduine eile. Deireadh daoine eile go gcaithfhead an fear deirneach an t-uisce do tharac chun an fhir toraig sa tSaogal eile.
    Is cuimhin liom féin da shocruid a bheith ag teacht an lá ceadhna ón gClaedig go roilig Gobnatan. Fear de mhuinntir Dhuinnín agus fear de mhuinntir Céilleachair a bhí á gcur an lá ceadhna. Istig i dtuscaillí a bhí an dá cómharainn agus ag déanamh ar teóra na gcondae thosnuig an rith. Bhí an capall a bhí ar deireadh ag dil amach ach ma bhí buaileadh an capall agus an tiománaí agus thosnuig an bataraíl agus an musdal.
    Deirim se leat gur doirteadh fuil agus gur gortuigheadh daoine go tiubh an lá san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Amhlaoibh Ó Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Imill, Co. Chorcaí