Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na seana Gaedhil ana phiseógach go mór mór i lá Bealthaine.
    Cupla cead bliain ó thoin sar ar deineadh lasáin sé an rud a bhíodh aca cun a bpíopaí a lasadh ná smearóídí dearga agus nuair a bhídís ag imteacht amach ag obair thógaidís leo smearóid no dhó istig a sáspan ach lá Bealthaine ní bheadh cead aoinne smearóid a thóaint amach as an dtig mar cheapaidís dá dtógfá an smearóid go dtógfá an rath leis. Baineann an cuid is mó des na piseóga so le h-ím agus bainne agus seo ceann des na sgealtha mar gheall ar ím. Bhí bean ann an uair sin agus í ag imtheacht tímcheall agus láimh an Land Lady aice agus an méid seo a rádh aice "lámh an Land Lady bailig an tím chúgham" Bhí aon líon tíghe amháin ann gus bhíodar scriostha aice agus ar deireadh ní fheadfhaidís an cuigean do dheanamh ar aon chor. Cuireadh fios ar an sagart chun Aifrean do léígheadh dhóibh. Cúpla maidean na dhiaidh sin tainig se agus crobh-nasg aige agus croch sé oscionn na teine é agus thosnuigh sé ar an Aifreann do léigheadh. Ní raibh sé imthighthe ró fhada ar aon cor nuair dubhairt sé le fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Tuama
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ráth Thoir, Co. Chorcaí