Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 419](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_419.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 419
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíodh deirí ag Diarmuid Ua Cathasaig san bfeirm atá aige i nGort-an-Imill agus uair amháin do tuit an scéál so amach do duine ó Doire Fhingín. Cuaidh sé sgoruidheacht oidhche agus nuair a tháínig sé abhaile bhí a bean imtighthe a codhladh agus bí corcán leitean le h-ais na teine. Ní raibh aon solus aige agus bí se cun an leite do thóaint amach as an gcorcán agus in ionad an corcán do thógaint do rug sé mhnaói agus deirm-se leat nar fhan puinn ocrfais air. Deineadh tig nuadh do Shéan Ua Ríoghbhardáin (Séan Buisteara) Sliabh Riabhach agus chuaidh se cun cómhnaidhe ann agus fuair se a leithéid de sgannradh ós na púcaí nár chómhnuig sé ann ach aon oidhche amhain.Bhí fear eile ag teacht ó sgoruidheacht i Mágh Cromtha agus é ag dul síos bóthar na Sop da chonaic sé cailín breagh ruadh agus i ag gáiridhe uime agus tuit sé i ngrádh lei agus cuire sé a lamha mór timcheall uirthe agus dfhan sé mar sin go dtí gur cuaidh sé síos go dtí an Droichead(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Luasaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloch Eidhneach, Co. Chorcaí