Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Feirmeóir beag ab eadh Conní Fada agus nó raibh aon capal aige. Do bhí sé sé troighthe ceithre órlacha ar aoirde agus bhí sé garbh láidir dá réir. Ní raibh aon anam riamh ann. Aon lá amháin do chuaidh fear dárbh ainm do Dómhnall a Róis chuige le capall agus chéachta; mar ní raibh aon am ag Conní a chuid coirce do chur gan capall, - ag cur coirce. Taréis bricfeasta do chuadar ag cur an coirce. Do chuir Conní mála choirce ar a dhrom agus do rug sé ar an gcéachta fé na osgail agus dubhairt sé (sé) "A Domhnaill a bhféadfá - sa an chuing do thabhairt leat". Do chuir Domhnall smut de gaire air agus dubhairt "Go deimhin be chóir go bhféadfainn".
- Bailitheoir
- Amhlaoibh Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí