Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 406
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tamall ó shoin do chreid gach duine na piseóga agus seo cuid aca Do bí bean na cómhnaidhe i mBaile Mhúirne le tais an Mhuillinn agus ní feadfhadh sí aon ím a dhéanamh. Do cuaidh sí ag triall ar an sagart agus dinnis sí a chás do. Dubhairt sé leí dul abhaile agus an lá go mbeidís chun an cuigeann do dheanamh fios do chur ar féin agus go raghadh sé ag triall ortha. Ar maidin nuair a bheidís ag crúdh na mbó. Do dheineadar fé mar a dubairt sé leó. Tháinig sé agus do shuidh sé le thais na teine agus cuir sé culaith seana mná ar féin agus dubhairt sé leó dul ag crúdh. Sara a chuadar ag crúdh dubhairt sé leó tubán uisce a chur i lár na cistineach. Ní raibh sé i bhfhad na shuidhe nuair a tháinig bean isteach agus do thóg sí smeánróid as an dteine agus amach an doras leí. Do dhein sé sin an rud ceadhna agus cuir se isteach sa tubán uisce í. Ní raibh an bhean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Acra, Co. Chorcaí