Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear na cómhnaidhe fadó i bfeirm Diarmud Ui Loíngsig a Gort an Acra gurbh ainm do Dómhnall O Murcadha Bí sé pósta le bean do muinntir Chéileachair is do bhí mathair a céile caoch agus théidheadh sí amach gach aon geimhreadh ag lorg deirce agus do codluigheadh sí i dtig mo shean athar. Bí sí ag innsint dóibh gur tháinig bacach cúcha oidhche is nuair a bhíodar na gcodhladh deirig an bacac agus chur sé lamh duine mhairbh na seasamh ar lic an tinteáin agus las sé coinneal agus cuaidh sé mór timceall feucaint a rabhadar na gcodhladh. Bhíodar go léir na gcodhladh ach a driotháir agus leig sé sin air go raibh sé na codhladh leis. Thosnuig an bacach ag goid. Deirig an driotháir agus bhíodar ag gábhail ar a chéile go dtí an maidean agus nuair dhúisig na daoine eile bhí an bhacach imtighthe agus caith a driotháir trí mí sa leabaidh na diaid.
- Bailitheoir
- Seán Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí