Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí thior i gCúil a Bhuachaig áit las tior de Baile-Mhúirne ag seana bhóthar go dtugtar "Bóthar na Réidh" ar. Do mairbh sí morán daoine. Fé dheire do tháinig an sagart agus do ceistig sé í. Dubhairt sí gur anam i bhí ag fulang purgadóireacht. D'fhiafhruig sé di dtogfadh sí uisce coisreachan ach ní tógfhadh. "A ní anam tusa in aon cor ac diabhal" arsan sagart. "Cad a dheinis as an slíghe gur damhnuigheadh tú" arsan sagart. "Bhíos ag goid óm cómharsain" ar sise. "ní damhnóchad san tú" ar seisean "Da marbhuigheas leanbh" ar sise "Ní damhnóchadh san tú" ar seisean arís "Do marbuigheas leanbh ar mo pádh" ar sise. "A do dhamhnuig san tú a diabhail" Cuirfhead-sa tú in áit nách féídir leat a thuilleadh díobhála a deanamh" arsan sagart. "Bádhfaid mé loingeas ansan leis" arsan sprid "Cuirfhead-sa amach sa bfairrge dearg tú áít ná mbíonn aon longa ann" arsan sagart agus do tiomáin sé anairde sa spéir na spreacha dearga í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán D. Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí