Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha i Magh Cromtha gurbh ainm do O Connail. Bí mac aige agus bhí inghean aige. Do bhí an mach amuigh oidhche ag imirt cartaí. Nuair a bí sé ag teacht abhaile bhí sé deanach san oidhche. Nuair a bhí sé ag teacht anuas an casadh connaic sé cailín istig sa Tráigh an Mhuillinn. Thug sé iarracht ar breith uirthi agus ní raibh pioc roimis. Do bíodh sí istig sa cearthann gach tráthnóna roimis. Do caitheadh sé uisce a thabhairt ón dtobar agus do caitheadh sé a chuid eadaig a baint de agus an tSullán do snámh agus sa deireadh do chaith sé imtheacht go dtí America uaithe. Ní raibh aoinne ag an gabha ansan cun obair do dheanamh agus bhí fear a bhí ag gábhail mór tímcheall agus tháinig sé chuige agus se an ainm ar bí ar ná Dacy. Do bí sé ag obair tamall aige agus do phós sé inghean an gabha sin é. Dacy a bí tiar i gCúil-Aodha. Do bhíodh an sprid sa Traigh an Mhuillinn gach oidhce.
- Bailitheoir
- Concubhar Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann