Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór

Suíomh:
Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Naomh Laitíaran”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a coda d'ullamnú, do leigeadh an teine dul in éag. Téigeadh sí gach maidin ag iarraidh síl na teine 'ó'n gabhainn sa t-Sráidín. Bhí sí cómh neamh-cionntach, chómh neamh urcóideach i láthair Dé go dtug Sé buadh di - moladh go deo Leis - go mbeireadh an teine dearg leí gach maidin i mbeinn a gúna, gan doigheadh gan loisgeadh do dti a bohtháinín féin.
    Maidin áirighthe tháinig sí go coslomnochta ag iarraidh an síl. Thóg sí chuichi smearóid dhearg, agus le linn imtheachta dhí is dóich gur sprioc an t-aon Sprid an gabha speic éigin do chur uirthi mar go ndubhairt sé léithe. "Mhuise, a Laitíarain, nach bréag geal deagh-chúmtha do chosa?" D'fhéac sí síos go mordhálach ar a cosaibh, ac níor túigse sin ná mar dhóigh an teine tríd an éadach agus thuit ar an dtalamh. Bhí fhios aici láithreach gur pheacuigh sí. Dá dheascaibh sin do ghaibh cathú agus curreachas í agus chaith sí í féin ar a glúnaibh agus d'iarr maitheamhnachas ar Dhia. Do mhaith Sé dí, ach do chuir Sé mar pionós uirthi go gcaithfeadh sí dul ar thalamh ó'n áit 'na bhfuil "Cloicín a'Chuirtse" fé láthair go dtí an áit mar abhfuil an Tobar Beannuigthe, agus ar eirghe dhí, gur bhrúcht an tobar aníos na diaidh. Ach sar a ndeaghaidh sí abhaile go dtí a bothán féin d'iompuig sí thar nais, agus tréis bearradh glan géar do thabhairt do'n gabhainn. D'iarr sí ar Dhia gan gabha do bheith i gCuilim go bráth airís, ná in aon áit mor thimceall gur féidir fuaim na h-inneona do chlos. Do fíoradh a h-athcuigní go dtí an lá indiu.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge