School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Teacher: (ní thugtar ainm)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 237
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Buachaill a bhí ins an áit seo gus pósadh le cailín leam-deas (an-deas) é. Ní raibh sé i bhfad pósta gur thuit sé isteach in droch shláinte. Dubhairt an dochtúir nach raibh a leigheas le fághail. Bhí an bhean óg a' gol agus dhéarfadh sí nach mairfeadh sí tamall ar bith nuair a gheobhadh seisean bás. Tháinig dearbhráthair an bhuachalla agus dubhairt sé nach mbeadh sé i bhfad marbh go mbeadh a bhean pósta aríst. "Dhe" arsa an buachaill tinn"beidh sí féin marbh sul a mbeidh mise tá sí chomh buaidheartha in mo thimcheall". "Bheul" arsa an dearbhráthair, "beidh fhios agat anocht cé thiocfaidh. Lomfaidh me an coileach Franncach atá amuigh annsin agus bíodh tusa in do shuidhe taobh amháin den tighe agus bíodh sise taobh eile. Leigfidh mé isteach an coileach franncach idir a' dá sholas. Fiafrócaidh an bhean caidé sin atá a' teacht isteach. Abair tusa gurab é a' bás atá ann". Leig isteach an coileach franncach idir a' dá sholas. agus bhí sé a' síneadh a mhuinéil agus a' tigheacht aníos ag a' mhnaoi óig. "As ucht Dé" arsa an bhean "caidé a thainig isteach". "Sin a bás" ar seisean "atá ag teacht im choinne". Nuair a bhí sé a' teacht ró-chomhgarach don bhean chraith sí lámh air agus dubhairt sí leis go raibh sé a dul ar seachrán. "Siúd thall é, Siúd thall é," ar sise.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Informant
- Seán Maghuidir
- Age
- c. 80
- Address
- Log na gCnó, Co. an Chabháin