School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Teacher: (ní thugtar ainm)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 326
- XML “Cluiche Peile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dóibh féin.
Bhí cluiche eile aca fadó agus sé an tainm a bhí air ná "commons" ach an tráth seo de ló sé an tainm atá againn air ná - Iománuidheacht. Ní raibh an liathróid cosamhail leis an ceann atá aca anois. Gheibheadh na buachaillí préamhacha na ndriseóg atá an-chruaidh agus cruinn agus bhí sé sin mar "sliotar" aca. Annsin théigheadh siad go dtí fál (hedge) éigin agus le sgín ghearradh siad bata a raibh sórt "caimin" air. Bhí sé sin mar camán ag gach duine de na buachaillí agus is ón bhfocal "cáma" a tugadh "commons" mar ainm ar an gcluiche. Bhí márc i gcoirnéal na páirce in a raibh siad ag imirt agus bhí sé sin mar "goalposts" ag an lucht imeartha. Bhí móinfhear mhór aca agus gach Domhnac nuair a bhíodh an tAifreann thart bhíodh siad ag imirt agus na sluaighte daoine bailighthe a' breathnú ortha. Nuair a chuireadh duine an liathróid thar an marc sa choirnéal tugtaí " a hail out" air sin. Tá móinfhéar ag m athair agus bhíodh na cluichí ar suibhal ag na buachaillí ann, agus tugtar "Móinfhéar na gCleas" air fós mar gheall ar na cluichí a bheith ghá n-imirt ann.
Fuaireas an méid sin óPadraig Mac Samhráin
An Charraig
Gleann-Gaibhleann- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Informant
- Padraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. an Chabháin