Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 281
- XML “Piseog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní ceart aon sean casán a bhíonn ag dul isteach go dtí tig a aistriúghadh ná tig nua a thógaint air.
Dá mbeadh franncaig timcheall an tíghe droch -cómhartha iseadh é, nó go bhfaghadh duine éigin bás.
Dá bpiocadh duine biorán as an dtalamh beidh an rath leis, ar feadh an lae sin.
Dá raghadh bean isteach in gáirdín seachtmhain nó mar sin tar-éis na prátaí a chur agus da mbeadh sí ag féachaint ortha agus dá bhfeicfeadh sí gas amháin ag teacht aníos agus dá gcuireadh sí a láimh ortha deirtear go mbeadh fásradh maith fútha an bhlian sin.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann