Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 374

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 374

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 374
  3. XML “Marbhnamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo Mairbhneamh a dhein Naomh Pádruig mar gheall ar cailín. Inghean rígh ab-eadh í agus Ine ab'ainm di. Theastuig ó gaolta léi í a phósadh le fear áirighthe. Protastúnaig ab' eadh a gaolta agus protastúnach ab'eadh an fear gur theastuig uatha í a phósadh leis. Níor thaitn leis an gcailín féin é a phósadh in-aon-chor.
    Bhí Naomh Pádruig in Éirinn an t-am san agus níor theastuigh uaidh sin go bpósfadh sí an fear san ach chómh beag. Pé sgéal é fuair na protastúnaig an láimh uachtair ar Naomh Pádruig agus bhíodar chun í a thógaint leo as an dtír ar fad ach nuair a bhíodar ag siubhal isteach san long do rug an fear ar lámh uirthi ach do thuit sí marbh ag a chosa. Nuair a airig Pádruig an sgéal do dhein sé an mairbhneamh so 'á moladh agus seo é:-
    (Cluidhtear) adubhairt an seana-bhean.
    "Cluintear fonn feach fial anois sa tír is buainne braon dhéis na Gréige grianluighthe. Ní bás thu go dtí sluagh aon aois mise agus aon-aois na n-arm gaisge. Indís ná h-oireann dúinn a chreideamh, ní fáth dhúinn ach talú.
    Níl aon ghrádh againn ach Ine. b'Aoibhinn é a chorp seang séimh agus a béal fé ciuineas focal i nganúineacht na taraigreacht a tháinig go h Éirinn.
    Ní'l le rádh agam, ach beannacht a leogaint leis an anam abhí i gcorp inghean Áilne. B'í siúd an bhean
    [féach nóta leath. 382]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann