Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 393](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_393.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 393
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin do bhí Cearbhall Buidhe na n-amhrán ag iasgaireacht ar abha. Chonnaic sé an bhean sídhe agus í ag caitheamh fíona timcheall uirthi. Dubhairt Cearbhall léi mar seo:-
"Is fada dom gléas éachtach ar draoithe ban
Is go dearraingean an déir ar aon ruith na mílte ban
Do glacfainn go séimh an canna fíona im ghlaic
Is mo chara sa bhéim do réidhfeadh díom an tart"
Dubhairt sí leis:-
"Ná mol tu féin in-aon-cor
Is ná maoidheamh do neart"Dubhairt sé léi:-"Cad tá ionat féin mar aoinne ach fuighleach ban
Cad a mheastar duit féin ach
Eadaire caol eadtrom íre geas
a dhéanamh ach mar a dhéanfadh fear."
Do rug sí air agus chaith sí in áirde sa spéir é agus nuair a tháinig sé anuas do bhí sí imthighthe.