Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 395
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cailín darbh'ainm di Siobhan Ní Murcadha ag obair i gCarraig an Adhmuid timcheall fiche bliadhain ó shoin.”
Bhí cailín darbh'ainm di Siobhán Ní Murchadha ag obair i gCarraig an Adhmuid timcheall fiche bliadhain ó shoin. Joe a ghlaodhadh a cáirde uirthi.
Bhí gaolta aici i Maghchromdha agus aon uair amháin chuaidh sí ar cuaird cúcha ar feadh seachtmhaine. Uaireannta bhíodh sí ag cabhrúghadh leo cun an bhiadh d'ollmhúghadh.
An oidhche seo bhí sí ag ollmhúghadh an t-suipéar agus b'éigin di dul amach ad'iarraidh treachtaireachta éigin. Nuair abhí sí ag gabháil síos an t-sráid bhí fear nár aithin sí ag teach 'na coinnibh.
Tháinig sé anonn cúichi agus chuir sé a lámh ar a n-aprún. Pé rud a tháinig uirthi b'éigin dí iompáil agus é a leanamhaint. Bhí sí ag siubhal agus ag siubhal agus í 'á leanamhaint i gcómhnuidhe.
Fé dheire do chasadh duine d'á gaolta agus d'fhiafhruig sé di cá raibh sí ag dul. D'innis sí dho go raibh sí ag dul ad'iarraidh teachtarireachta agus gur chasadh fear uirthi agus gur chuir sé a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí