Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh an breóiteacht ar a nglaodhtí an t-éagcruas ana choitchianta fadó. Bhíodh mná airighthe ag dul timpeall ó thig go tig ag tabhairt aire do dhaoinibh breóite. Aon oidhche amháin bhí bean darb' ainm di Eibhlín Ní Murchahda ag dul ó thig in Gort Luacra 'na raibh duine breoite ann go tig eile i gCluain Liath 'na raibh duine breoite eile ann.
B'éigin di dul thar Droichead na nGabhar agus bhí droch-ainm ar a áit sin. Cití sprid ann go minic an uair sin. Nuair abhí an bhean ag dul thar an droichead, chonnaic sí an Sprid. Dubhairt an sprid léi mar seo:-
"Mo chara is mo mhaoin,
Do chailleas mo mhuinntear,
Óg agus críonna,
Agus fé mar a bhíodar."
D'fhreagair an bhean í:-
"Mo chara is a mhaoinig,
Ní h-é is caoin liom,
Ach bheith id'focair dá gcaoineadh,
Um an dtaca so d'oidhche."
"Ó" arsan sprid "táim ana bhuidheach díot. Do chuireadh mar phionós orm-sa go gcaithfinn fanamhaint anso go gcuirfeadh duine éigin deire le'm rann. Tá mo phionós déanta agam anois" ar sise "agus táim chun dul go Flathas Dé." D'imthigh sí as radharc na mná agus fheachathas ó shoin í.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí