Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Fear na Charms”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fear de Mhuinntir Dhuinnín i gClaodach agus an Dochtúir Ua Duinnín is ainm do. Ní dochtúir in-aon-chor é ach do rugadh é Aoine an Céasta agus do baisteadhé Domhnach Cásga. Aon lá amháin bhí sé ag cainnt lem' Áintín agus bhí tinneas na láímh aice agus chonnaic sé é. Dubhairt sé léi go leighisfeadh sé féin dí é.
    Dhein sé cómhartha na croise ar an lámh trí uaire agus chaith sé seile air agus dubhairt sé léi rud éigin a chur air mar dheadh gur'bé sin a leigheasfeadh é.
    Chuaidh sí abhaile agus chuir sí pé rud a dubhairt sé léi air. Ar maidin amáireach nuair a eirig sí bhí an lamh leighiste agus nuair a chasadh airís air í, d'fhiafhruigh sé dí conus abhí an lámh agus nuair adhinnis sí do go raibh sé go maith dubhairt sé léi gan é a innsint d'aoinne go ceann míosa ar eagla go dtiocfadh sé thar n-ais airís. Níor innis sí d'aoinne é go dtí go raibh an mí caithte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Inse an Chuais, Co. Chiarraí