Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall a caogadh bliadhain ó shoin bhí fear darb' ainm do Pádruig Ua Liatháin 'na chómhnuidhe i gCill na Martara. Feirmeoir saidhbhir ab'eadh é. Ní théigheadh sé go dtí an faoisdin ach go h-annamh.
Buaileadh breóite é. Bhí sé go h-olc agus chuireadar fios ar an ndochtúir, Tar-éis é a chur fé scrúdú dubhairt an doctúir go raibh sé i mbaoghal bháis agus fios a chur ar an sagart.
Tháinig an sagart. Chuaidh sé isteach sa seomra 'na raibh an fhear breoidhte. D'innis an fear a pheacaí dho. Nuair a bhíodar innste aige tháinig piast amach ar a theanga agus thuit ar na h-éadaighe, tháinig an tarna ceann agus thuit amach leis.
Tháinig an tríomhadh ceann amach ach do chuaidh sé thar n-ais airís. Bhí iongnadh agus eagla ar a mhuinntir féin agus ar na daoine go léir.
D'fhiafhruighdear de'n sagart cadé an brígh abhí leis agus dubhairt sé gurb' amhlaidh a cheil sé peaca air féin agus gur'bé sin an piast a chuaidh thar-n-ais.
Chuir sé d'iachaibh ar an bhfear an peaca sin d'innsint agus d'innis sé é agus fuair sé bás in grásta Dé.
Nuair abhí an peacha sin innste aige de'n sagart tháinig an piast amach ar a theanga agus thuit sé ar an leabaidh agus d'imthigh sé as a radharc ansan.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Shúileabháin
- Inscne
- Baineann