Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Donnchadh Dall Ó Súileabháin file ó bharr an Ghleanna Gairbh”
Feach "Diarmuid na Colgaide agus a Comhairshain" leathnach 133. Donnchad Dall ÓSúileabháin file ó barr an Ghleanna Gairbh
adubhairt é seo thíos do réir Con Billy Clasach.
Dall bocht gan aon ní aige agus ceathrar nó cuigear cloinne aige.
Fuair sé gamhainín ó chomhairsain agus bheathuig sé é -
saghas beathú) go dtí go raibh na "bó" mar adeadh.
----------------------------
I
Is agamsa tá an rábaire bó dheas
Do tháinig go h-óg chugham gan cháim
Is má mhairfead beidh bainne ag am' chualthach
Go fairseag is uachtar á bhárr.
II
Beidh soithcach (sathach) sa tseachtainn a límadh
Is [?] á scríobadh ar an stave
Is beidh airgead feasta chun cíosa
Im spagadh chun díol le John Payne (an tágent).
III
Ní fheadar-sa i gcúig árdaibh an tsaoghail seo
Cá bhfaghad tarbh chun dára domh bhó
Ó díolas an [?] a bhí ag Seán thiar
Ar aonach Cill Áirne ins a bhfoghmhar
(Seán - a dhritháir.)
IV
Mar tógan sí an ceó is an brón dím
Nuair a chloisim-se chugham an ghead bhán
Mar ba bhinne liom scob uaithe búirthig
Ná an smolach ar dhrúcht maidean ceóidh
V
''
''
Dá [?] go Sasanna an Bhéarla
Go dtógfainn an prize ann lem' chalf.(Is cuimhin le Con Billy go maith Donnchadh Dall)