Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Do romharfainn, do ghrafainn”
I
An fear
Do romharfainn, do ghrafainn,
Do thaoscfainn an charta,
Is is mór chuid le leathfainn le'm shluaisib.
Is máighistir mé ar fhearaibh,
Cun suaiste do chasadh,
Is ní feárr ná chun iomair do bhúaint me.II
An bhean
Do sníomhfainn-se bréid
Go mín is go caol,
Ar deiseal, ar clé nú an tuathal.
Cuirfinn críth agus taisge
Ar a mbeadh agat
'Dir ím, bainne, agus uachtar.
An stoca nú an léine,
Ba chuma le h-aon bhean,
Cuigean do phleascadh ar fuaimeant.
Do chíorfainn do chasfainn,
Do réithfinn le'm theastal,
Agus is máthair dheas leanbh fé'm thúairim.- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann