Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 019
- XML “Seanscéal”
- XML “Leacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In ár gcnoc-na tá trí carrigreacha agus istig eatorta tá plúais doimhin, dorchadha. Tá siad suidhthe le th-ais an seana bhóthair, bóthar Dhómhnaill Chaim agus deirtear go raibh robaláidhe na chomhnuidhe istig sa phlúais seo agus nuair a théighidís na daoine go Corcaig le'n a gcuid ime, bhíodh sé seo ar an mbóthar rómpa agus chaithidís díol go maith sar a leigfí abhaile iad.
Bhí áit chomnuighthe eile ag an robálaid é seo acht is istig sa phlúais a chaitheadh sé na h-oidhcheannta fúara nuair a bíodh sé ag faire d'os na marcuig. Diarmuid Ua Folúdha ab ainm d'on foglúide seo agus ó'n am sin tugtar "Carrigreaca Ua Folúdha," ar na carrigreacha seo. Bhí sceach geal ag fás leis i mbéal na pluaise acht do bhaineadh é is deireann na sean daoine gur cómhartha é sin d'on robálaidhe an ait go raibh an t-airgid go leir fé thalamh aige. - Tá carn beag do clochaibh tímpal leath-míle ó'n plúais agus tá leacht mar ainim air. Deireann na sean daoine go raibh fear óg(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padruig Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann