Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí beirt drithár ann fadó agus do roinneadh feirm a n-athar eatartha.”
(ar lean ón leathanach roimhe)amach mar thárluigheadh an rud ceadhna amach.
Tháinig sórt amhrais ar na mnaoí a bhí ag an bhfear shaidhbhir mar go raibh na leanbhaí thíos cómh maith láidir agus dubhairt sí go bhfaghadh sí plan. Dubhairt sí le na fear leigint air go raibh feasta le bheith sa tig an oidhche sin, agus dubhairt sí leigint air go raibh bosca a bhí thall sa chúinne sa t'slighe agus fiafruighe don deithár thíos an bosca leigint thíos i na thig féin an oidhche sin. Dubhairt sí go radhach sí féin isteach sa bhosca agus cnámh maith feóla chur isteach le na cois is dteó is ná beadh ocras uirthe agus ansann bheadh radharc mhaith aici ar cad a bheadh ar siubhal istig.
Deineadh mar a dubhairt sí agus ba ghearr go dtáinig multachán bhreagh isteach mar ba ghnáth agus marbhuigheadh é. Chonnaic sé an bosca strannséartha sa chúinne agus do h-innseadh do an scéal. Chuaidh sé i leith agus d'oscaill sé an bosca agus chonnaic sé an bhean istig agus í ag gáiridhe. Bhí sí ag gáiridhe mar fuair sí amach mar gheall an na multhacháin. Bhí rámhain le h-ais an doruis agus rug sé air agus mhairbh sé an bhean leis. Sháidh sé an cnámh siar i na scórnaig agus mheas a fear gur b'amhlaidh a thacht sí í féin leis an gcnámh.
Dubhairt sé leis an ngadaidhe í do chur agus chuir an fear saidhbhir alán éadaig síos léi sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Euge Eugon
- Inscne
- Fireann