Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 121
- XML “Comhla”
- XML “Rabhadh do Mháirnealach Loinge - Sliabh na mBan bhFionn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Feach bun leathanach a 119maireann daoine meadhan-aosta (Bill Richard &c) a chualaidh glórtha agus gáire agus gol nár bhain leis an saoghal so sa bhaile fearain so ist oidhche. Innseadar dom é.
---
Bhí crann ann, agus aoinne a chuir tuagh i bfeidhm uirthe riamh cailleadh é. Thuit an crann sa deire ach má thuit fagadh ann é gan dodhadh gur fhéoch an aimsear é. Ní fheadar na go bhfuil cuid de fós ann . Tá lios comhgarach do áit.
Muircheartach - Bhí bean ann fadó agus gach oidhche bhiodh sí ag sníomh. Oidhche amháin bhí sí ag sníomh ar fead na h-oidhche agus bhí an chlann go léir imighthe a chodla agus tháinig bean mhór isteach. Dubhairt sí "Cioram is cártham, snátham is níghfam is bréag scroid árnáin bean a tighe cúgam."
Dubhairt bean a tighe annsan, "Tá sliabh na mban bhfionn tre theinne", agus do rith an bean mhór amach agus dubhairt sí "mo bhotháinín-sé mo bhotháinín-sé" Annsan do dhún bean a tighe an doras agus chuaidh sí a chodhla.