Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus bhíodh sé ar meisce i gcómhnuidhe. Aon lá amháin chuaidh sé chun faoistine, agus d'fhiafruigh an sagart de "cad na thaobh ná tubharann sé suas an t-ólacán" "Ó," arsa an fear, "ní fheadfainn é."
Annsan thug an sagart luach púint pórtor dó, agus dubhairt sé leis teacht nuair a bheadh sé óltha aige.
Dhein sé amhluig agus nuair a fuair an fear an deoch, agus nuair a chuir sé an gloinne chun a bhéile, bhí sé lán de piastaí móra, agus nuair a leigeadh sé síos é imtheóchadh na piastaí. Sa deire ba éigean dó é do fhágaint na dhiaidh.
Annsan tháinig sé that-nais chun an t-sagairt agus do innis sé an scéal dó. Annsan thug an sagart luach púint eile do'n fhear, ach bhí an scéal ceadhna aige, agus bí na piastaí ba mhó an úair seo ná an uair eile. Tháinig sé thar-nais airís chun an t-sagairt.
Do innis an sagart dó, gur diabhail abhí ann. Ó'n lá san amach níor bhlais an fear san braon fuiscí ná pórtor.
Ó'm athair a fuaireas an scéal seo, a fuair ó'n a athair atá anois imthighthe ar shlighe na fírine, beannacht Dé ar a anam.- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán, Co. Chorcaí