Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 134
- XML “Toibreacha Beannaithe - Seanteampaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá seana thobar i gCill Casgain agus tá sé ráidte gur tobar beannuigthe é. D'inis mo seana mháthair sgéilín mar gheall ar an dtobar sin. Tá an tobar sin i lár na carraighe agus tá uisge ins an tobar gach lá san bhliain agus níl aon uige le feiscint ag dul isteach ann nu ag teacht amach as.Fadó bhí crois óir in-aice an tobair sin agus nuair a bhí dabt ar dhuine mar gheall ar droch gníomh a deanamh, béigin do teacht in-agaidh na croise sin agus an leabhar do thógaint nár dhein sé é.Uair amháín do goideadh píósa admhaid agus tháínig an duine a bhí fé sgáth agus thóg sé an leobhar in-agaidh na croise sin ná raibh an píosa adhmaidh sin aige. Bé am Aifrinnn a bhí ann agus nuair a bhí na daoine paróiste ag teacht ón Aifreann cad a bhí le feiscint acha acht tigh tré theine. Do chuadar fé dhéin an tighe sin agus bhí an tig agus an tróscán go leir dóíghte agus bhí an píosa adhmaid i lár an úrlair gan dóigh in aonchor. Tá croisín gearrtha sa charraigh i gcómnuidthe ag daoinibh a theigheann ar turus ann.
- Bailitheoir
- Treasa Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Chorcaí