Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Íosa - Moladh go Deo Leis, agus an Deargadaol agus an Capall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Íosa moladh go deo leis sa rith ón namhaid lá.
    Chuaidh sé trí pháirc 'na raibh roinnt fear ag cur síl - síl cruithneachta. Do labhair Sé leó agus dubhairt dá dtigeadh saighdiuirí an treó agus dá gcoistidís iad agus dá bhfiafruighdís díobh a bhfeacadar Íosa ag gabháil an bóthar san innsint dóibh go bhfeacadar an lá a bhíodar ag cur an tsíl. Gealladar.
    Lá ar na mbhárach bhí an cruithneachta fásta suas le mirbhúilt dó agus aibidh. Sa tráthnóna bhí na fir ag baint na cruithneachta nuair a tháinig an namhaid. Do cheistigheadar iad agus dubhradar mar a dubhairt Íosa leó. Dubhradar mar sin go rabhadar ag dul an treó mí - cheart, agus bhíodar chun iompáil tímcheall nuair a chuir daradaol suas a cheann agus dubhairt "indhé, indhé",. Bhí capall ann agus bhuail sé buile dá chrúib ar an ndaradaol agus bhris sé a dhrom agus ó shoin i leith tá drom an daradaol briste agus tá crúb an chapaill beannuighthe agus ní dhéanfadh sé díogbhail I ngaraidhe ná i naon áit.
    Deirtear leis an té bhainfidh le'n a fiacla an ceann den daradaol na bheathaigh go maithfí do an peaca (no 3 cinn) is mó a dhein sé riamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Duibhir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Bán, Co. Chorcaí