Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí fear ann d'arbh aimn Seán agus nuair a bhí sé bliadhain is fiche dubhairt sé go raibh sé in-ám aige imtheacht agus a bheatha a shaothrú do féin. D'imthigh sé leis agus casadh tincéara agus thosuigh se ag cainnt agus shocruigh sé go bfanfadh sé ag obair aige ar trí sgilleacha san mbliadhain agus a bheatú. Nuair a bhí an bliadhain suas aige táinic an tincéara go dtí é agus thug sé na trí sgilleacha do agus dimthigh Seán leis agus chas duine air a bhí ar nós é féin tamall roimhe, gan tada le n-ithe aige agus thug sé sgilling dhó. Tamall ina dhiaidh sin chas fear ar bhí níos measa ná an chéad fhear agus thug sé sgilling eile dhó-san. Tamall in a dhiaidh sin casadh feareile ar a bhí níos seacht measa ná an bheirt eile agus thug sé an sgilling eile dó. Anois ní raibh tada aige féin agus tar éis tamaill chas Mac De leis agus dubhairt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe