Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus bhí mac aige. Is é an t-ainm a bhí air Jack. Nuair a bhí Jack ina fear óg, dubhairt a athair leis go gcaithfead sé dhul le ceird. Dubhairt Jack nar mhisde leis, ach nach dtiocfadh sé le aon ceird go deo ach le gaduidheacht. D'imthigh leis annsin gan buidhcheas dá athair, agus chuaidh sé go an Gaduidhe dubh. Shocruigh sé leis le Gaduidheacht a mhuineadh dhó. Bhí sé féin agus an gaduidhe dubh seacht mbliadhna ag imtheacht le chéile.
Bhí duine uasal san áit, agus bhí Jack agus an gaduidhe dubh ag goid chuile shórt dá raibh aige. Bhí sé ag cinnt air breith orra. Bhí teach annsin ag an duine uasal a bhí lán le ór agus le airgead, agus rinneadar amach go mba cheart dóibh ualach de a ghoid. An doras(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe