Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 06_048
  3. XML “An Gabha agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá fé a déanamh freasdail ort le seacht mbliadhna". Thosuigh an fathach ag gáiridhe, agus chraith an gáire a rinne sé an caisleán. Annsin dubhairt an fathach, "Má tá tú indan é a phiocadh amach ó na daoine eile ma chliseann tú cáillfidh tú do cheann". Annsin thosuigh an gabha ag fáiridhe. Bhí aithne mhaith aige ar Seán, agus cheap sé nach trioblóid a'bith dhí, é a piocadh amach ó na gasuir eile. Ach ní ag gáiridhe a bhí sé nuair a chonnaic sé na céadta gasúr eile agus chuile dhuine aca cosamhail le na chéile. Ní raibh a fhios ag an gabha céard a b'fearr dó a dhéanamh. Chuimnigh sé ar chleas. "Is cosamhail" ar seisean leis an fathach, "go bhfuil tú ag tabhairt an aire do na gasúir seo, agus chomh ramhar beathaidhe agus atá siad." Chuir sé sin an áthas ar an fathach agus chuir sé amach a láimh le go gcraitheadh an gabha é. Níor mhaith leis an ngabha láimh a craitheadh leis. Mar sin shín sé an píosa iarainn chuig an fathach. Shíl an fathach gur spraoi é agus rug sé ar an iarann agus rinne sé dhá leith dhó. Thosuigh na gasúir ag gáirídhe nuair a chonnaic siad chomh éasca is a bhris
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Nualláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Flannchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe