Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 08_008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 08_008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 08_008
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An lá seo chuaidh sé go dtí an fhairrge agus chonnaic sé currach ag teacht aniar agus gan inte acht aon fhear amháin. Tháinic an churrach isteach ar an talamh tirm seacht míle. An chéad lá eile chuaidh sé go dtí an fhairrge agus bhí an churrach ag teacht aniar agus comra céad inte agus aon fhear amhain. Chuaidh sé abhaile agus dinnis sé dá athair is dá mháthair gach a bhfaca sé, agus gach a chuala sé. Sin é an uair a dinnis siad narbh iad féin a athair na a mháthair chor ar bith. An lá in a dhiaidh sin chuaidh sé go dtí an fhairrge agus bhí an churrach ag teacht aniar agus comra céad inte agus aon fhear amháin. Chuir sé cainnt ar an bhfear a bhí sa gcurrach. Dubhairt an fear go raibh sé ar thóir mac Rí an domhain thiar Dimthigh an buachaill i n-éinfheacht leis ins an gcurrach nó gur sroich siad an domhan thiar. Chuir an Rí fáilte mhór roimhe agus dubhairt sé leis nach bhféadfadh sé an dara béilidh a chaith ar aon bhord na an dara h-oidhche a chodhladh ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Churraidhín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Curraidhín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    30
    Seoladh
    Na Poillíní, Co. na Gaillimhe