Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 249
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Sgeal
Bhí sin ann agus is fada ó bhí fear darb ainm Seán Seoighe as Conndae na Gallimhe. Togadh é in áit a dtugann siad cois fairrge air. Máirnealach a bhí ann agus sheol se na ceithre fairrgí. Dimthigh sé ar bord luinghe le lucth earraí am amháin go dtí Tír Lochlainn agus nuair a tháinig sé i dtír annsin thug se rása thart go bhfeicfeadh sé an áit agus na lochlannaigh iad fein, fir agus mná. Bhí sé ag deánadh iongantas de suid agus de seo nac raibh a léitheidh le feicheail i gConndae na Gallimhe act ar cumha ar bith casadh sean fear liath creapalta air a raibh feasóg fada air agus cauna in a láimh leis. Bhí cuma iongantach aosta air agus bhí sé ag caoineadh.
Bhí iongantas ar an máirnealach cé’n fáth a raibh sé ag caoineadh agus ca raibh se ag dul agus chuir sé cheist air caidé a bhí ag deánadh buaireadh do. D’freagair fear na feasoige é go umhail agus dubhairt “m’athair a bhuail mé agus a chuir fa choinne canna uisge mé”. “Muise bhfuil tú ar ádh liom go bhfuil d’athair beo go foill arsa an máirnealach” “Tá go deimhin arsa seisean”. “Tá sé beo acht tá se ‘na dhall sa leabaidh” le seacht mbliadhna
Feach leathanach 143.- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)